Áras Chrónáin
Ionad Cultúrtha

Cad é Naíonra Chrónáin?
Grúpa páistí a thagann le chéile go rialta (3 uair a chloig sa ló) i dtimpeallacht thaitneamhach faoi stiúir Stiúrthóra atá i Naíonra Chrónáin. Cuireann foireann an naíonra gach deis ar fáil don ghrúpa chun forbairt iomlán an pháiste idir fhorbairt fhisiciúil, intleachtúil, chruthaitheach, aeistéitiúil, shóisialta, mhothúchánach agus teanga a chur i gcrích. Trí Ghaeilge a déantar obair an Naíonra. Modh an tsúgartha an cur chuige a húsáidtear mar gurb é is oiriúnaí mar mhodh foghlama do pháistí ag an tréimhse seo.
Fón: +353-1-4578489
Fís
Deis a thabhairt do pháistí (idir trí bhliain agus cuid bliana d’aois) freastal ar sheirbhís naíonra den chéad scoth trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht atá sábháilte, sláintiúil, spreagúil, fáiltiúil, sonasach agus tacúil.

Sealbhú is Saibhriú na Gaeilge
Is í an Ghaeilge teanga an Naíonra. Labhraítear Gaeilge sa naíonra i gcónaí - leis na páistí agus i measc baill foirne an naíonra. Tá clár oibre an naíonra leagtha amach chun freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpaistí maidir le sealbhú agus saibhriú na Gaeilge, chun úsáid nádúrtha na Gaeilge a chothú agus a bhuanú i measc na bpáistí.
Buntáistí an Dara Teanga
Léiríonn taighde idirnáisiúnta:
Gníomhaíochtaí agus acmhainní
Bíonn gníomhaíochtaí ar nós drámaíochta, puipéad,ceardaíochta, aclaíochta, ceoil, amhrán, rann, scéalaíochta, damhsa agus cuid mhaith eile ar siúl sa naíonra le neamhspleáchas, féinmhuinín, misneach agus mórtas cine is ceantair a chothú sa pháiste óg.

Seisiún an Naíonra - AM
Bíonn dhá sheisiún ag an Naíonra gach lá (Luan go Aoine)
Seisiún na Maidine 8.45-11.45a.m./Seisiún san iarnóin 12-3.00p.m.
Meán Fómhair go Meitheamh (38 seachtain)
Ní bhíonn ach 20 paiste, ar a mhéid, i ngach seisiún.
Ról an Tuismitheora
Is mór, ar ndóigh, an tionchar a imríonn tusa, mar thuismitheoir, ar dhearcadh do pháiste i leith na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go dtuigeann do pháiste ní amháin go bhfuil tusa báúil don teanga ach gur mhaith leat go labhróidh do pháiste í. Beifear ag súil go labhródh tusa, do pháirtí, nó an bheirt agaibh, cibé Gaeilge atá agaibh le bhur bpáiste - bailíonn brobh beart!
Nuair a roghnaíonn tusa do pháiste a chur chuig naíonra, tá tú ag tabhairt deis dó/di a c(h)uid Gaeilge a shealbhú in áit nádúrtha trí shúgradh, scéalaíocht, caint, geáitsíocht agus amhránaíocht.

Páiste a Chlárú
Más mian leat do pháiste a chlárú i Naíonra Chrónáin:
Foirm Clárúcháin, ar fáil ón Naíonra, Áras Chrónáin Ionad Cultúrtha nó ar an idirlín ag www.araschronain.ie, agus é a líonadh ina iomlán.
An fhoirm a fhágáil isteach ag an Naíonra idir 1ú lá agus 28ú lá de mí Feabhra den bhliain ar mhaith leat do pháiste a chur chuig an Naíonra