Join Now!

E-mail:
Password:

Search

Search

News

9/03/12-10/03/12
29/02/2012

Muintir Chrónáin

An Eagraíocht

Is grúpa daoine iad Muintir Chrónáin a bhfuil spéis acu ina dteanga agus ina gcultúr. ‘Sé ceann de na príomh aidhmeanna atá ag Muintir Chrónáin ná “an Ghaeilge lenár linn”. Bíonn Muintir Chrónáin ag forbairt agus ag cur chun cinn Ceol, Culúr, Oidhreacht agus Teanga na hÉireann trí  eagrú imeachtaí sóisialta agus oideachasúla in Áras Chrónáin Ionad Cultúrtha agus i mBaile Átha Cliath Theas i gcoitinne.  Ritheann gach gné de Áras Chrónáin Ionad Cultúrtha go deonach ag baill Mhuintir Chrónáin.

 

 

 

Thosaigh Muintir Chrónáin amach sa dara leath dena 1960's agus cláraithe go hoifigiúil mar ghrúpa i 1972. Ó shin tá 2 Naíonra, 3 Bhunscoil Lán Ghaelach, Meánscoil Lán Ghaelach bunaithe ag Muintir Chrónáin, i 1989 cheannaigh Muintir Chrónáin Orchard House, anois Áras Chrónáin Ionad Cultúrtha agus chuir siad cuí iomlán ar an teach agus an suíomh. Tá tionchar an-mhór i gcónaí ag Muintir Chrónáin agus Áras Chrónáin Ionad Cultúrtha i gcur chun cinn na Gaeilge agus an Chultúr ní hamháin i gCluain Dolcáin ach i Contae Áth Cliath Theas i gcoitinne thar na blianta agus sa lá atá inniu ann.

 

Pobal.jpg

MUINTIR CHRÓNÁIN - 'GAEILGE LENÁR LINN’

Aidhmeanna

  • AN GHAEILGE A CHUR CHUN CINN
  • IMEACHTAÍ SÓISIALTA, OIDEACHASÚLA AGUS CULTÚRTHA A CHUR AR FÁIL AG TACÚ LENÁR NAIDHMEANNA.
  • AN GHAEILGE A FHORBAIRT AGUS A CHUR CHUN CINN MAR THEANGA  LABHARTHA I MEASC ÁR MBALLRAÍOCHT AGUS AN POBAIL ÁITIÚIL
  • CEOL, AMHRÁNAÍOCHT, AGUS RINCE NA HÉIREANN A CHUR CHUN CINN CHOMH MAITH LE GACH GNÉ EILE DE CHULTÚIR NA TÍRE
  • AN AOS ÓG A SPREAGADH AGUS A ÉASCÚ A BHEITH PÁIRTEACH I NGACH GNÉ D’IMEACHTAÍ MHUINTIR CHRÓNÁIN
  • ÁRAS CHRÓNÁIN IONAD CULTÚRTHA A FHORBAIRT I GCÓNAÍ MAR LÁRIONAD CHUN AIDHMEANNA MHUINTIR CHRÓNÁIN A BHAINT AMACH AS A LÁIDRIÚ.